An teanga laghdaithe

Download Report

Transcript An teanga laghdaithe

An Teanga Laghdaithe
An Corp 1
Ag obair leis an duine in aice leat, breacaigí síos gach ball den
chorp atá ar eolas agaibh.
An Teanga Laghdaithe
An Corp 2
Scríobh fear darb ainm Ciarán Leonach alt ina phléann sé na fadhbanna
a bhaineann le mionteanga agus deir sé nuair a bhíonn teanga faoi bhrú
gur leagan ‘laghdaithe’ den teanga a labhraíonn na daoine óga.
Cad is brí le ‘teanga laghdaithe’? Tabhair buille faoi thuairim!
Pointe eile a dhéanann sé san alt ná go bhfuil cineálacha áirithe focal
ann nach mbíonn ar eolas rómhaith ag cainteoirí óga. An féidir leatsa
agus an duine in aice leat Gaeilge a chur ar na baill choirp seo:
An Teanga Laghdaithe
Léamh 1
Léigh féin agus an duine in aice leat na pointí thíos a
dhéanann achoimre ar an alt a scríobh Ciarán Leonach.
Cén rud Gaeilge Laghdaithe?
•
Ní fhoghlaimíonn an ghlúin óg an Ghaeilge chomh maith ná
chomh hiomlán is a d’fhoghlaim daoine níos sine é.
•
Ní bhíonn na daoine óga ábalta an méid céanna struchtúr a
úsáid agus bíonn níos mó focal ón mBéarla in úsáid acu.
•
Ní bhraitheann na cainteoirí óga go bhfuil baint mhór ag an
teanga lena bhféiniúlacht mar dhaoine agus iad ag fás aníos.
•
Braitheann siad go bhfuil baint ag an mBéarla lena
bhféiniúlacht agus is í an teanga sin is mó a labhraíonn siad.
•
Ní thuigeann cainteoirí na teanga laghdaithe agus na teanga
traidisiúnta a chéile go minic.
•
Ní bhíonn ach an t-aon stíl amháin acu sa Ghaeilge den
chuid is mó (cineálacha stíle: neamhfhoirmiúil
/foirmiúil/teanga teaghlaigh/teanga acadúil srl.).
An Teanga Laghdaithe
•
Léamh 2
Is minic nach mbíonn siad ábalta smaointe ná coincheapa
casta a chur in iúl sa mhionteanga agus caithfidh siad iompú
ar an mórtheanga chun é sin a dhéanamh.
•
Is é laghdú teanga an chéim dheiridh i dtreo aistriú iomlán
go teanga eile (.i. ó Ghaeilge go Béarla).
Príomhphointí an ailt:
•
Gaeilge laghdaithe atá ag daoine a rugadh ó 1990 i leith.
•
Más Gaeilge laghdaithe atá ag duine is Gaeilge níos
laghdaithe fós, nó Béarla amháin, a bheidh ag a chlann agus
ag clann a chlainne.
Ag obair leis an duine in aice leat fós, tugaigí samplaí de na
pointí thuas ó bhur saol féin.
An Teanga Laghdaithe
Iarphlé 1
Bíonn deacrachtaí i gcónaí ag daoine cur síos a dhéanamh
ar a gcuid mothúchán i dteanga eile atá á foghlaim acu nó i
mionteanga nuair a bhíonn an mhórtheanga an-láidir.
Féachaigí ar na samplaí seo ó dhaoine níos sine a bhfuil an
Ghaeilge acu ó dhúchas (ó alt Chiaráin):
• Níl mé in ann iad a bhearáil.
• Tá boladh beautiful ann.
• Cén chaoi a bhfuil tú ag feel-áil?
Agus samplaí ó pháistí ó 2012:
•
•
•
•
•
•
•
Tá sé shocked.
Tá sé mad.
Tá sí kind of annoyed.
Tá sí ag breathnú shocked.
Tá sí confused.
Tá sé angry.
Tá sí surprised.
Cén Ghaeilge atá agaibh féin ar na samplaí thuas?
An Teanga Laghdaithe
Cad a déarfá leis na daoine seo:
Iarphlé 2
An Teanga Laghdaithe
Cluiche 1
Cad a déarfá le do chara?
Déan comhghairdeas nó comhbhrón leis nó léi.
14
13
16
15
12
9
11
10
7
8
6
5
1
2
3
4
An Teanga Laghdaithe
Cluiche 2
Faigheann a sheanmháthair bás
Tá spota uafásach ar a aghaidh
Níl páirtí aici le dul chuig cóisir mhór na bliana
Rinne sé an aiste is fearr sa rang
Níl cead aige dul chuig ceolchoirm Dé hAoine
Tá deirfiúr bheag nua aici
Fuair sé 5 chárta vailintín
Ní bhfuair sé aon chárta vailintín
Bhris sí a cos
Níl an cailín a bhfuil sé i ngrá léi i ngrá leis
Chuir a chailín deireadh lena gcaidreamh
Fuair sé 15% i scrúdú matamaitice arís
Ghearr sí a cuid gruaige agus ní oireann an stíl di
Thosaigh sé ag caitheamh toitíní
Is é an ceoltóir is fearr leis ná Daniel O’Donnell
Ní maith leis do chairde eile
Thit sí os comhair an ranga ar fad
Tá an iomarca smididh uirthi
D’éirigh go geal léi sa scrúdú Gaeilge