Transcript File
An Córas MatánCnámharlach -Cnáimarlach -Matáin Cuspóirí Léann: • Structúir & feidhm an creatlach • Cuir síos ar (a)creatlach aiseach (b) creatlach aipeindeach • Feidhm & codanna do cnámh fada • Alteanna éagsúla • Ról liongéain & ballnaisc • Feidhm teannáin sa córas matánach • Frithpéirí matánach (sámpla) (ÁRD) fás & forbairt cnámha • Ról cailciam & cealla na cnámha (a) Feidhm an Cnámharlach 1. Tacaíocht & cruth don chorp 2. Cosaint – Cosnaíonn an cnámharlach na horgáin ó damáiste. M.s: __________ cosnaíonn an inchinn _____________ cosnaíonn na scámhóga 3. Gluaiseacht - Crapann _________ atá greamaithe de na cnámha & tarraingíonn siad ar na cnámha. 4. Fuilchealla a dhéanamh – i _______________ (b) Structúir an Cnámharlach Córas cnámharlach: déanta as cnámha, Ailt,matán, teannáin & ballnaisc. *Cnámha: Tá 206 cnámh i duine fásta. Is as fíochán cnámha & loingeáin a bhfuil an chuid is mó den cnámharlach déanta. Is cineál fíochán crua é na gcnámh tá an loingeáin níos boige. Tá fuileadáin &néaróga chomh mhaith. • Ailt(joint): áit ina mbuaileann 2 cnámh le chéile. • Ballnasc (ligaments): Nascann sé cnámh le cnámh • Teannán (tendons): Nascann sé matán le cnámh (c)Páirteanna na Cnamharlach: 1. An Cnámharlach Aiseach - An bhlaosc. - Na veirteabraí (an colún veirteabrach). - Creat na n-easnacha. 2. An Chreatlach Aipindiceach - Na géaga. - Na criosanna a cheanglaíonn na géaga leis an gcreatlach aiseach. The human skeleton has 206 bones, which can be divided nto two parts: axial and appendicular. Axial skeleton – skull, ribs (12 pairs), sternum (breastbone) & vertebrae (backbone). Appendicular skeleton – pectoral and pelvic girdles, and their attached limbs (arms and legs) An Cnámharlach Aiseach (a) An Bhlaosc: - An cráiniam – cnámha comhtháite le chéile. - An giall uachtarach (ní ghluaiseann). - An giall íochtarach (gluaiseann). (b) Creat na n-easnacha: Steirneam & 12 péire easnacha ceangailte le 12 veirteabra. - Péire 1 – 7 ceangailte leis an steirneam (fíor easnacha) - Péire 8. 9, 10 ceangailte le péire 7 – (na heasnacha bréagacha) - Péire 11, 12 ar snámh – níl aon cheangal chun tosaigh (c) 33 veirteabra: Roinntear na cnámha i 5 réigiún: 1.Ceirbheasach (7): sa mhuineál, iompraíonn sé an bhlaosc. 2. Tóracsach (12): an t-ucht, ligeann siad dona heasnacha altadh 3. Lumbach (5):caol an droma, tacaíocht don abdóman 4. Sacrach (5):na cromáin, táitear iad i daoine fásta chun an sacram a dhéanamh. Ligeann siad don chromán altadh 5. Eireballach (4): an t-eireball, táitear iad chun an gimide a dhéanamh. 2. An Cnámharlach Aipindiceach • Na Ghualainn, Crios Peilbheach (an cromán), na géaga (tosaigh & deiridh). 1. Gualann: (Crios brollaigh) Cnámha na lámh ceangailte. • 2 chuid sa Ghualainn: -An slinneán – cnámh triantánach - An Clabhacal – ceangailte leis an steirneam & an slinneán. 2. Crios peilbheach: 2 leath. Tá 3 cnámh i gach leath. Tá an crios peilbheach táite ag na veirteabraí sacrach. Ligeann sé do cnámha na coise altadh leis an gcromán 3. Géaga thosaigh: Lámha • Húiméireas –cnámh uachtar ghéag na láimhe • Ga & Ulna - cnámha íochtar ghéag na láimhe • Cnámha carpacha – 8 cnámh sa rosta • Cnámha meiteacarpacha – 5 cnámh sa lámh • Na falaing – 3 i gach méar, 2 san ordóg 4. Géaga dheiridh: Cosa • Féimear –cnámh uachtar ghéag na coise • Pláitín na glúine – patella. Cnámh a clúdaíonn alt na glúine • Tibia & Fiobúl - cnámha íochtar na coise • Cnámha tarsacha – 7 cnámh sa rúitín • Cnámha meiteatarsacha – 5 cnámh sa troigh • Na falaing – 3 i gach méar na coise, 2 san ordóg na coise Na hAilt Ná áit ina mbuaileann dhá chnámh le chéile. • Trí phríomh chineál ailt atá ann: 1. Alt dhaingne (chomhtháite): Ailt nach mbíonn aon gluaiseacht idir na cnámh. Cnámha nascaithe le chéile gan loingéain an bhlaosc. • Ní ligeann siad do na cnámha gluaiseacht 2. Alt so-ghluaiste – diosca loingeáin idir cnámha an dromlaigh. cé go mbíonn cineálacha éagsúla ann, bíonn an bun – struchtúr céanna orthu go léir. 3. Alt • shionóibhiacha: Ailt a gluaiseann (4) Ligeann siad do na cnámha gluaiseacht. (a)Alt úll & cuas: Gluaiseacht na cnámha i ngach treo. Uaireanta tugtar an ailt uilíoch ar an cineál ailt seo mar ligean sé do na cnámha gluaiseacht i dtreo difriúil M.sh. an chromáin & __________. (b) Alt bacánach(hinge): Gluaiseacht i aon treo amháin. Cosúil le doras. Níl an raon ceanna gluaiseachta acu is a bhfuil ag alt úll & cuas. m.sh ________________ (c)Alt maighdeogach(pivot): An alt ag bun an chloigeann a ligeann duit an chloigeann a bhogadh suas, anuas agus ó thaobh go taobh. (d) Alt Sleamhnach: sleamhnaíonn na cnámha thar a chéile m.sh. rúitín/rosta Struchtúr Alt Shionóibhiach • Ballnaisc – snáithíní righine a coimeádann na cnámha le chéile • Scannán sionóibhiach • Sreabhán sionóibhiach – sreabhán bealaithe (lubricating)a cosnaíonn na cnámha & cabhraíonn le gluaiseacht • Loingeáin – Clúdaíonn an loingeáin deiridh na gcnámha. Cosnaíonn sé seo na cnámha ó cuimilt dá chéile Ballnaisc/ Capsúl snáithíneach Sréabhán Sionóibhiach Scannán Sionóibhiach Loingéan Ceist le déanamh: (i) Tarraing léaráid chun an struchtúr atá ar alt sionóibhiach a thaispeáint. Cuir lipéid ar thrí chuid, seachas cnámha, den alt atá tarraingthe agat. (ii) Mínigh feidhmeanna na dtrí chuid a bhfuil lipéad curtha agat orthu. (iii) Ainmnigh neamhord den chóras matánchnámharlaigh. (iv) Tabhair cúis a d’fhéadfadh a bheith leis an neamhord atá ainmnithe agat in (iii) agus mol cóireáil dó. Struchtúr Cnámha Tá codanna BEO: cnámhcealla, snáithíní próitéine & NEAMHBHEO: (cailciam, fosfar) sa cnámh. • Taobh amuigh tá snáithíní próitéine an PERIOSTEUM Laistigh de seo tá sraith de Chnámh dhlúth: déanta as: - cnámh chealla (oistéablast). - an chuid fuileadáin Bíonn cnámh dlúth le fáil ag deiridh na cnámha(eipifís) agus sa diaifís. Cnámh Dlúth • Laistigh den sraith seo tá cnámha spúinsiúla:Struchtúr laitíseach a bhíonn ar an gcnámh seo & spásanna ann. Faightear smior dearg sna spásanna seo • Smior dearg: le fáil sna spásanna sa cnámh spúinsiúil. Áit ina dhéantar fuilchealla. • Smior buí: Smior nach dhéanann fuilchealla. Líonta le saill. http://www.youtube.com/watch?v=8d-RBe8JBVs&feature=related • Loingéain: Fíochán righin crua solúbtha (collaigin) atá i maitrís de salann cailciam & fosfar. Níl fuileadáin nó néaróga iontu. Faightear é ag ceann na cnámha, sa ______ & sa ______ Loingéan Cnáimhe oscailte Oistéablast - athraíonn loingeán le cnámh spúinsiúil Diosca Loingéan Oistéaclast Déanann na Oistéablast cnámh dlúth anseo Foirmiú na gCnámh (Cnámhú): (Árd) • Suth –cnámharlach déanta as loingeáin (athraíonn sé go cnámha le aois)= Cnámhú (ossification) • Fásann cnámh in áit an loingeáin de réir mar a fhásann an suth & i mblianta tosaigh an pháiste Fás Cnáimhe- na Oistéablastaí • Cealla speisialta oistéablastaí is cúis le déantús cnáimhe • Ní stopann déantús cnáimhe sa duine fásta. Bíonn cnámh á briseadh sios & á athtógáil I gconaí! • Cealla eile, oistéaclastaí, sa smior a bhriseann síos an chnámh &a scaoileann cailciam isteach san fhuil. Rialaíonn an hormón paraitíoróideach é seo. Tógann na hoistéablastaí Sáinítear roinnt cnámh nua ina háit. Sáinítear roinnt oistéablastaí sa chnámh nua oistéablastaí sa chnámh nua tugtar & tugtar oistéicítí orthu. oistéicítí orthu. Cealla na gCnáimh- Qs • ________ a thugtar an na cealla a leagann síos cnáimhe nua. • _________ a thugtar air na chealla a briseann síos an cnáimh nuair is gále breis Calciam sa sruth fola. • Rialionn an hormóin ______________ an scaoileadh Calciam seo sa choirp. Fadhbanna Cnámharlach 1.Oistéairtríteas: Nuair a ídítear na halt níos tapúla na a dheisítear iad. Déantar damáiste dóibh. • Tarlaíonn an damáiste seo uaireanta de bharr galar uath imdhíonach ina éiríonn na h-áilt ata airtríteas scoiltigh • Réiteach: déantar athsholáthar bréagach ar an alt atá caite. M.sh. sa cromán. http://video.about.com/arthritis/ChronicRheumatism-Hand.htm 2. Oistéapóróis: laghdú ar dlús na gcnámh le aois. Briseann na gcnámh go heasca. Níos coitianta i mná nuair a laghdaíonn leibhéal an éastraigin (rialaíonn éastraigin leibhéal an cailciam sna cnámh). • Réiteach: méadú an méid cailciam & vit D a thógtar isteach nó i gcásanna áirithe HRT. Na Matáin Trí chineál matáin a fhaightear sa chorp • Matán Mín (Ainneonach) • Matán Cairdiach • Matán Creatlaí (Deonach) 1. Matán Mín: • Matán ainneonach (involuntary) is ea an matán mín, rud a chiallaíonn nach bhfuil sé faoi riail na tola Suíomh: mar lionáil I bhfeadáin an choirp ar nós conair an bhia, artairí & féitheanna, agus an lamhnán. Riail an Inchinn?: Cé gur féidir leis an inchinn tionchar a bheith aici air, tá sé faoi stiúr an medulla oblongata & crapann sé i ngan fhios don pháirt den inchinn a rialaíonn gníomhaíochtaí deonacha. 2. Matán Cairdiach: Suíomh: Sa chroí a fhaightear matán cairdiach. Tioncar Inchinne?: Crapann sé faoin a stiúr féin de bharr ríoganna leictreacha a ghineann sé féin. Is féidir le teachtaireachtaí néaracha ón inchinn tionchar a bheith acu air. Freisin ní thuirsíonn sé riamh, rud a chiallaíonn gur féidir leis leanúint ag crapadh go rialta. 3. Matáin Creatlaí/Cnámharlach Suíomh: ceangailte leis an gcnamharlach Tioncar Inchinne?: crapann sé faoi riail na tola de réir teachtaireachtaí ón inchinn. Gluaiseacht: Nuair a chrapann sé éiríonn sé níos gaire. An matán creatlaí is cúis le gluaiseacht an choirp toisc go mbíonn na matáin ceangailte leis na cnámha le __________. Toisc nach féidir le matáin ach crapadh feidhmíonn siad ina bhfrithphéirí. Nuair a chrapann ceann amháin síneann sé an ceann eile. Frithphéirí matán: • De bharr sin oibríonn matán i bpéirí chun na cnámha a dhíriú. • M.sh an bhícéips & an trícéips a bhaineann le ardú & ísliú na lámha. Ceisteanna: (2008)Freagair na ceisteanna seo a leanas maidir le córas matánchnámharlaigh an duine. • (i) Luaigh trí ról atá ag an gcnámharlach. • (ii) Mínigh céard a chiallaíonn an cnámharlach aiseach. • (iii) Luaigh an fheidhm atá ag gach ceann ar leith díobh seo: • 1. Smior dearg, 2. Loingeán, 3. Teannán. • (iv) Mínigh céard a chiallaíonn péire freasaitheach matán agus tabhair sampla i gcorp an duine. • (v) Mol cóireáil ar neamhord ainmnithe den chóras matánchnámharlaigh. (2009) (ii) Cén áit i gcnámh droma an duine a bhfuil na dioscaí?___________________________________________________ _______________________________________________ (iii) Cén fheidhm atá ag na dioscaí i gcnámh droma an duine? _________________________________________________________ _______________________________________ (b) Tabhair ról de gach ceann díobh seo a leanas i gcorp an duine: • (i) Smior buí. • (ii) Smior dearg.