Fuaim - Foras na Gaeilge

Download Report

Transcript Fuaim - Foras na Gaeilge

Fuaim
Conas a dhéantar fuaim?
Fuaim ar bith a chloisimid, tagann sí
ó rud atá ar crith.
Nuair a sheinntear
an giotár, critheann
na sreanga agus
cloisimid fuaim
uathu.
Conas a chloisimid fuaim ó ghiotár?
• Nuair a bhuailtear na sreanga critheann siad.
• Critheann an t-aer thart ar an ngiotár.
• Gluaiseann na creathanna tríd an aer
ina dtonnta, fad lenár gcluasa. Fuaimthonnta
a thugtar ar na tonnta sin.
Leag do mhéara ar do
scornach agus tú ag caint.
Céard a bhraitheann tú?
Leag do lámh ar challaire
agus ceol ag teacht as.
Céard a bhraitheann tú?
Turgnamh:
Gluaiseacht fuaimthonnta tríd an aer a léiriú
Fearas
• Babhla plaisteach
• Scannán cumhdaithe
• Téip ghreamaitheach
• Rís
• Bata
• Bosca stáin
Modh
1. Sín an scannán cumhdaithe thar bhéal an bhabhla.
2. Úsáid an téip ghreamaitheach, más gá, lena chinntiú
nach mbogfaidh an scannán cumhdaithe.
3. Cuir rís ar an scannán cumhdaithe.
Tuar
Céard a tharlóidh má bhuaileann tú
an bosca stáin leis an mbata
agus é díreach os cionn an bhabhla?
Bain triail as!
Céard a tharla?
Bhog an rís!
Cén fáth, an dóigh leat?
• Chrith an bosca stáin nuair
a bhuail tú leis an mbata é.
• Chuir sé sin an t-aer thart
ar an mbosca stáin ag crith
chomh maith.
• Ghluais na creathanna tríd an
aer mar fhuaimthonnta,
fad leis an rís, agus bhog siad í!
Turgnamh:
Fuaimthonnta a dhéanamh
in uisce
Fearas
• Gabhlóg thiúnta
• Babhla uisce
Modh
1. Buail an ghabhlóg thiúnta
in éadan imeall boird.
2. Cuir sa bhabhla uisce í.
Céard a tharla?
• Rinne an ghabhlóg thiúnta
tonnta ar an uisce.
• Déantar na tonnta céanna
nuair a bhíonn fuaim
ag taistil tríd an aer, ach
ní féidir linn na tonnta sin
a fheiceáil.
• Formhór na bhfuaimeanna a chloisimid
is tríd an aer a ghluaiseann siad, fad
lenár gcluasa.
• Ach ní tríd an aer amháin a ghluaiseann
fuaim. Gluaiseann fuaim trí sholaid agus
trí leachtanna freisin.
Turgnamh:
Cé acu trí sholaid nó tríd an aer is fearr
a ghluaiseann fuaim?
Fearas
• Bord
• Cara
Modh
1. Suigh ag an mbord.
2. Iarr ar do chara cnag éadrom a bhualadh
ar an mbord le barr a mhéire.
3. Éist leis an bhfuaim a thagann ón gcnag.
4. Ansin cuir do chluas leis an mbord.
5. Iarr ar do chara cnag a bhualadh ar an mbord arís.
6. Cén uair ba ghlóraí an fhuaim?
Toradh
Is fearr a ghluaiseann
fuaim trí sholaid ná
tríd an aer.
Turgnamh:
Cé acu trí leachtanna nó tríd an aer is fearr
a ghluaiseann fuaim?
Fearas
• Uisce
• Dhá bhalún
• Uaireadóir
• Cara
Modh
1. Séid balún amháin agus cuir
le do chluas é.
2. Iarr ar do chara an t-uaireadóir
a chur le taobh eile an bhalúin.
An gcloiseann tú an ticeáil
go soiléir?
3. Líon an dara balún le huisce.
Cuir le do chluas é.
4. Iarr ar do chara an t-uaireadóir
a chur le taobh eile an bhalúin arís.
5. Cén uair ba ghlóraí an ticeáil?
Toradh
Is fearr a ghluaiseann
fuaim trí leachtanna
ná tríd an aer.
Caithfidh spásairí
raidió a úsáid má
bhíonn siad ag
iarraidh labhairt
lena chéile ar an
ngealach. Cén fáth,
an dóigh leat?
Ní bhíonn aon fhuaim le cloisteáil
ar an ngealach mar níl aon aer ann.
Fíor nó Bréagach?
Ráiteas
Déantar fuaim nuair a bhíonn rud éigin
ar crith.
Is tríd an aer amháin a ghluaiseann
fuaim.
Gluaiseann fuaim níos fearr tríd an aer
ná trí sholaid.
Ní féidir aon fhuaim a chloisteáil ar
an ngealach.
Ní féidir le fuaim gluaiseacht
trí leachtanna.
Is féidir creathanna a mhothú.
Fíor
Bréagach
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
http://www.engineeringinteract.org/resources/oceanodysse
y/flash/concepts/sourcesofsound.htm
http://www.askaboutireland.ie/learning-zone/primarystudents/please-select/5th-+-6thclass/science/sound/what-is-sound-and-how-doe/
http://www.askaboutireland.ie/learning-zone/primarystudents/please-select/5th-+-6th-class/
science/sound/what-does-sound-travel-th/
http://homepage.eircom.net/~kogrange/sound_experiments
2.html
http://education.usace.army.mil/clubhouse/science/experim
ent.cfm?Topic=sound&Id=151
Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas
a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo:
Bronwen English (www.monstersciences.com)
jar (away) ar an suíomh www.flickr.com
NASA (www.nasaimages.org)
Íomhánna eile:
Shutterstock
Léaráidí:
Christine Warner
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na
n-íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach
ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil
a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach
socruithe cuí a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2012
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1