Feictear... - WordPress.com
Download
Report
Transcript Feictear... - WordPress.com
Seimineár Lae 6 Nollaig 2013
Aoife Uí Fhaoláin, MA
[email protected]
An scannán mar sheánra
Difríocht idir scannán agus úrscéal, dán, gearrscéal,
sliocht próis nó alt iriseoireachta.
Ní léitear an téacs ach feictear agus cloistear é – níos
gaire do dhráma ná do na seánraí eile thuasluaite.
Radhairc agus suíomhanna éagsúla i gceist cosúil le
dráma (m.sh. An Triail).
Comhrá agus fuaimeanna i gceist.
Feictear...
Dathanna
dubh agus bán nó ildaite;
soilsiú - geal nó dorcha; an soilsiú ag réiteach le téamaí an
scannáin; cuireann sé leis an atmaisféar;
suíomh nó timpeallacht chun tosaigh – turas ar thraein; an
tírdhreach taobh amuigh den fhuinneog.
Feictear...
Na carachtair
aisteoir ar leith i ngach ról – an bhean, an fear dall, an
mháthair.
na gothaí gnúise - mothúcháin curtha in iúl gan focal a
rá.
Feictear...
Imeacht na haimsire (féilirí ag bogadh ar aghaidh; na
séasúir ag athrú; an ghrian ag éirí nó ag dul faoi); an
turas traenach – an traein ag dul ar aghaidh ó áit go
háit.
Foinsí tánaisteacha – nuachtáin, comharthaí bóithre,
fógraí srl.
Feictear…
Contrárthacht ag baint leis an méid a fheiceann an lucht
féachana agus easpa radhairc an fhir dhaill.
É ag brath ar na céadfaí eile (éisteacht, boladh, blas,
tadhall).
É ag brath ar chabhair ó dhaoine eile go minic.
Gné thábhachtach dá phearsantacht – saol na mná strianta
toisc go bhfuil sí ag freastal ar a máthair ach ach tá saol an
fhir srianta chomh maith.
Seatanna éagsúla
Seat teann.
Seat rítheann
Seat beirte.
Seat thar ghualainn.
Seat fada
Seat an-fhada
Seat ard.
Seat íseal.
Seat claonta
Seat teann
Seat rítheann
Seat beirte
Seat thar ghualainn
Seat fada
Seat an-fhada
Seat ard
Seat íseal
Seat claonta
Seat teann den Cháca Milis
Seat beirte – caidreamh míshocair
Seat claonta – an saol bunoscionn
Seatanna teanna
Béim ar chumas na mná – í
in ann siúl gan stró
Béim ar an bhfuaim agus ar
an méid a chloiseann an
fear dall
Seat fada – daille an fhir curtha in
iúl láithreach
Seatanna thar ghualainn
An dá pheirspictíocht
Seatanna rítheanna
Seatanna teanna
Béim curtha ar:
• Sceitimíní an fhir faoin turas agus faoin gcáca
• Míchompord agus frustrachas na mná
Seat beirte eile
Aighneas le brath eatarthu
Gnúis Catherine
Iarrann sé uirthi cupán tae a fháil dó má tá sí ag fáil
ceann di féin ach níl cuma róchabhrach uirthi ar
chor ar bith.
Í bréan de bheith ag freastal ar dhuine eile is dócha.
Cloistear...
An-chumhacht ag baint le ceol cúlra a chruthaíonn
atmaisféar ar leith.
Téam-amhráin i gcás na gclár teilifíse agus i gcás
sraitheanna éagsúla.
Cineálacha difriúla ceoil:
Ceol rómánsúil.
Ceol suaimhneach, séimh.
Ceol teannasach.
Ceol bríomhar.
Cloistear…
Fuaimeanna éagsúla
Torann na traenach
Fead an stiúrthóra
Fógra as Béarla
Torann an fhir ag teacht isteach sa charráiste
Torann a mhaide
É ag tógáil an análóra
É ag útamáil leis an mála donn
Drumadóireacht a chuid ingne
Cloistear…
Comhrá
Idir Catherine agus a máthair.
Idir Catherine agus an fear dall.
Eisean ag déanamh tréaniarrachta tús a chur le comhrá
ach seachnaíonn sí é: ‘Tá mé ar saoire.’
‘Níor tháinig’; ‘Céard?’; ‘Bándearg’ - freagraí gonta ó
Catherine.
Comhrá a loiteann an cáca milis air – ‘Tá péist ann.’
An scannán mar sheánra
Bí cinnte go dtuigeann tú an difríocht idir an
scannánaíocht agus seánraí liteartha eile.
Tabhair aird ar éifeacht na teicnící scannánaíochta:
ar an atmasféar
ar na téamaí
ar na mothúcháin
ar léiriú na gcarachtar
ar ghníomhaíocht an scannáin
Go n-éirí libh ar fad!