Na canúintí

Download Report

Transcript Na canúintí

Canúintí

Réamhobair 1

Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat:

1. Cad is brí le canúint? Cén difríocht atá idir canúint agus blas?

2. Cad iad canúintí na Gaeilge? 3. Cad atá i gceist leis an gCaighdeán Oifigiúil?

4. Cén fáth a bhfuil an Caighdeán Oifigiúil ann?

Canúintí

Réamhobair 2

(a) Conas a deirtear na rudaí seo i do chanúint áitiúil? An féidir leat iad a rá in aon slí eile?

boy, girl, children, grandmother, grandfather, table, also, terrible, easy, old, sick, painful

(b) Conas a déarfá ‘How are you?’ agus ‘Where are you from?’ sna trí mhórchanúint? Cuir na freagraí sna colúin chuí.

Canúint na Mumhan Canúint Chonnacht Canúint Uladh

(c) Tá ciall difriúil ag an bhfocal ‘láithreach’ i gcanúint na Mumhan ná mar atá i gcanúint Chonnacht agus Uladh. Cad is brí leis i gcanúint na Mumhan? Agus sa dá chanúint eile? An samhlaíonn tú go gcothódh an difríocht sin míthuiscintí ar bith? Smaoinigh ar chomhthéacs ina gcothófaí míthuiscint.

Canúintí

Éisteacht

Éist le Cormac Ó Comhraí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus a dtuiscint ar na canúintí agus freagair na ceisteanna seo: 1. Cathain is mó a chloiseann daltaí Gaeltachta canúintí eile, dar le Cormac?

2. Cad é an saghas Gaeilge is mó a chloiseann daltaí taobh amuigh dá gcanúint féin, dar le Cormac?

3. Cén fáth a bhfuil sé deacair stór focal ó chanúintí eile a thabhairt do na daltaí?

4. Cé a bhíonn ‘ag brú’ rudaí ar na daltaí, dar leo féin?

Canúintí

Iarobair 1

Do chanúint féin

(a) Deir Cormac go bhfuil ‘muintir na Gaeltachta uafásach bródúil as a gcanúint féin’. Liostáil na príomhthréithe a bhaineann le do chanúint féin agus cúpla focal/nath cainte atá bainteach léi a ritheann leat. (b) Cad iad na tréithe, a bhaineann le do chanúint áitiúil, is mó a chothaíonn deacrachtaí d’fhoghlaimeoirí nó do chainteoirí eile Gaeilge?

Canúintí

Iarobair 2

(a) Bíonn difríochtaí sa bhéim a leagtar ar fhocail ilsiollacha sna canúintí.

Bíonn an bhéim ar shiolla amháin i gCanúint na Mumhan agus ar shiolla eile i gCanúint Chonnacht agus Uladh e.g. buidéal (M) agus buidéal (C&U). Cuir an bhéim san áit cheart ar na focail seo: bainisteoir (M) drámaíocht (M) ealaín (M) íoslódáil (M) bainisteoir (C&U) drámaíocht (C&U) ealaín (C&U) íoslódáil (C&U) (b) Déanann cainteoirí dúchais earráidí sa litriú uaireanta ag brath ar an gcanúint atá acu. Mar shampla, uaireanta bíonn mearbhall ar mhuintir Uladh agus litríonn siad an focal CORCAIGH mar seo: CORCAÍ. An chúis atá leis sin ná gur mar sin a fhuaimnítear ó thuaidh é. Ní dhéanfadh cainteoir Muimhneach an earráid áirithe sin mar fuaimnítear an –AIGH ar shlí dhifriúil. Earráid a dhéanann muintir na Mumhan go minic ná an focal ARD a litriú mar seo: ÁRD - toisc go bhfuil an A fada go maith sa bhfuaimniú. Gan trácht ar mhuintir Chonnacht agus an uimhir iolra atá acu...nó acub!

An féidir leat smaoineamh ar shamplaí eile? Cad iad na hearráidí is mó a dhéanann tusa sa litriú de bhrí go gcuireann an chanúint beagán ar strae tú?

Canúintí

Iarobair 3

I gcás na n-abairtí seo ar fad thíos, abair cén chanúint atá i gceist, canúint Chonnacht, canúint na Mumhan nó canúint Uladh.

1. Tá mé tinn tuirseach den aimsir seo.

2. N’fheadar faic na ngrást mar gheall air sin.

3. Bíonn sí anseo chuile lá.

4. An bhfuil an t-airgead agat fá choinne an ticéid?

5. Nach bhfuil Máire in éindí leat?

6. An rabhais amuigh aréir?

7. Tá sé sin togha, a mhac!

8. An dtig leat cupán tae a thabhairt domh?

9. Tá mo sciathán nimhneach.

10.Bhíos ag caint le Séamus ó chianaibh.

(b) Athscríobh na habairtí thuas nach mbaineann le do chanúint féin i do chanúint féin.

Canúintí

Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat.

1.

Cad atá i gceist le ‘Gaeilge na Leabhar’?

Iarphlé 4

2.

An mbíonn sé níos deacra duitse rudaí áirithe a léamh as Gaeilge seachas as Béarla? Cén cineál rudaí agus cén fáth, meas tú?

3.

Cad atá i gceist ag Cormac nuair a deir sé: ‘breathnaíonn roinnt [daltaí] air mar ghéilleadh don rud atá á bhrú orthu ón taobh amuigh ó dhaoine nach labhraíonn Gaeilge ar bhealach nádúrtha’ 4.

Cad a tharlaíonn nuair a chaitear focal nua a chumadh do rud éigin as Gaeilge (má thagann rud éigin nua ar an saol e.g. an t-idirlíon, fón póca, fón cliste etc.)? Cén próiseas atá ann chun focal nua a chumadh?

Canúintí

Iarphlé 5 Ábhar machnaimh

Caitheann cainteoirí dúchais Gaeilge go leor scileanna a bheith acu – eolas an-mhaith ar a gcanúint féin, eolas réasúnta ar chanúintí eile agus eolas an-mhaith ar an gcaighdeán (go háirithe tar éis na scoile agus iad ag obair trí mheán na Gaeilge).

Ach tá na scileanna sin acu sa Bhéarla chomh maith a bhuíochas do na meáin chumarsáide mar, féach, nach bhfuil na canúintí Béarla seo an-difriúil óna chéile?

1.

2.

3.

Béarla an gheiteo i Nua-Eabhrac Béarla Bhanríon Shasana Béarla na tuaithe in Éirinn Tá tú in ann daoine a thuiscint agus iad ag baint úsáide as na canúintí éagsúla sin i mBéarla.

Dá mhinice is a chloiseann tú na canúintí eile in úsáid is ea is fearr a thuigfidh tú iad!